Shane Dooley

Iománaí agus peileadóir

Shane Dooley
  1. Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann? 

    Caithfidh sé a bheith leite, le banana mionghearrtha, frachain, síolta chia agus bainne! 

  2. Dá mba rud é go raibh meaisín taistil ama agat, cén aimsir a rachadh tú chuige? 

    Is dócha go n-úsáidfinn é chun dul ag taisteal sa todhchaí chun a fheiceáil cad é mar a bheidh an domhan i gcion míle bliain! Is breá liom an stair ach is dóigh liom go bhfuil sé níos tábhachtaí don chine daonna dul ar aghaidh sa todhchaí…. b'fhéidir go mbeadh teachtaireacht comhshaoil an-tábhachtach agam a thabhairt ar ais! 

  3. Cad é an leabhar ab fhearr leat nuair a bhí tú sa bhunscoil? 

    Aon rud ar bith le Roald Dahl…. Fantastic Mr. Fox, The Twits, The BFG. Thaitin siad go mór liom! 

  4. Abair go raibh tú i do sárlaoch, cén t-ainm a roghnófá agus cad í an chumhacht speisialta a bheadh agat? 

    Ceapaim go mbeadh sé thar a bheith cool go mbeifeá in ann eitilt! Bheadh sé an-cool an t-am a rialú freisin… Sa chás go dtiocfadh liom dul soir siar tríd an aimsir. Ghairfinn orm féin ‘The Watchman’ 

  5. Cad é an rud is fearr leat a dhéanamh sa saol? 

    Gáire, cinnte an gáire…. cibé an bhfuil sé sa bhaile ag breathnú ar an teilifís nó le mo chuid chairde nó le mo chailín… Is breá liom an Craic a bheith agam!