Tosaigh do Ghnó Féin

Woman Typing on Laptop

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta 

Déanann an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta an tairseach Rialachán Gnó a bhainistiú. Cabhraíonn sé leat na príomh-rialacháin a aithint a théann i bhfeidhm ar do ghnó agus a thugann naisc duit do na gníomhaireachtaí ábhartha, a n-uirlisí treorach agus a bpointí teagmhála. Tá rialacháin earnáil-shonracha liostaithe. 

  

Déanann an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta bainistiú freisin ar Phointe Teagmhála Aonair na hÉireann (PSC).Is é príomhról an PSC faisnéis ghinearálta a sholáthar maidir leis na nósanna imeachta atá riachtanach do Ghnólachtaí Éireannacha/AE a bhfuil sé ar intinn acu feidhmiú in Éirinn. (m.sh. nósanna imeachta a theastaíonn chun gníomhú mar Ailtire in Éirinn). 



 

 

 

 

Fiontraíocht Éireann 

Is é Fiontraíocht Éireann an ghníomhaireacht rialtais atá freagrach as tacaíocht agus forbairt ghnólachtaí Éireannacha i margaí domhanda. Soláthraíonn an fhoireann Tosaithe Ardchumais (HPSU) tacaíocht agus comhairle phraiticiúil d'fhiontraithe agus do ghnólachtaí nuathionscanta a bhfuil sé de chumas acu dul isteach sa mhargadh onnmhairithe. Tá na critéir maidir le cáiliú mar chliant HPSU liostaithe ar an láithreán gréasáin. 

  

Oifigí Fiontair Áitiúla (OFÁ) 

Tá na hOifigí Fiontair Áitiúla (OFÁ) maoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Tá 31 OFÁ ar fud na tíre agus cuireann siad comhairle, faisnéis agus tacaíocht ar fáil d'fhiontraithe agus do dhaoine ar spéis leo gnó nua a bhunú nó gnó atá ann cheana féin a fhás. Tá sonraí iomlána maidir lena gcláir oiliúna, tús a chur le do chúrsaí gnó féin, tacaíochtaí meantóireachta agus airgeadais chomh maith le heolas cuimsitheach ar thacaíochtaí gnó ar fáil ar a láithreán gréasáin. 

Déanann na OFÁ bainistiú freisin ar Uirlis Tacaíochta Ar Líne do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta ina leagtar amach an raon tacaíochtaí Rialtais atá ar fáil don earnáil. 

  

Uaireanta Oifige 

Is seirbhís meantóireachta é Uaireanta Oifige do ghnólachtaí agus d'fhiontraithe nua a bhainistítear trí uirlis sceidealaithe ar líne saor in aisce. Roinneann daoine gnó rathúla a dtaithí agus cuireann siad comhairle ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus d'fhiontraithe ar bhonn deonach. Más fiontraí tú atá ag lorg comhairle, féach ar na próifílí meantóra ar líne agus cuir seisiún in áirithe le ceann is fearr a oireann do do riachtanais. 

  

An Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) 

Is é CRO an t-údarás reachtúil chun cuideachtaí nua a chlárú i bPoblacht na hÉireann agus oibríonn sé faoi choimirce na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Más mian leat ainm gnó a úsáid ní mór duit an t-ainm sin a chlárú leis an CRO. Tugann láithreán gréasáin an CRO forbhreathnú ar struchtúir dhifriúla dlíthiúla an ghnóthais m.sh. trádálaí aonair, comhpháirtíocht, cuideachta theoranta. 

  

Ionad FBM AE 

Is tionscnamh maoinithe ag an Aontas Eorpach é Ionad FBManna an AE atá dírithe ar chabhrú le FBManna atá ag pleanáil a ngnóthaí a leathnú sa tSín. Tá an t-ionad suite i mBéising agus soláthraíonn sé faisnéis, comhairle agus oiliúint i réimsí forbartha gnó, saincheisteanna dlí, caighdeáin agus acmhainní daonna. Tá bailiúchán mór de sheimineáir ghréasáin ar fáil ar an láithreán gréasáin a sholáthraíonn faisnéis phraiticiúil do ghnólachtaí atá ag smaoineamh ar dhul isteach i margadh na Síne. Ina theannta sin, feidhmíonn an tIonad mar ardán chun comhordú a éascú idir Ballstáit an AE agus soláthraithe seirbhíse san earnáil phoiblí agus phríobháideach san Eoraip do FBManna. 

  

Líonra Fiontar na hEorpa (EEN) 

Stiúrann Ard-Stiúrthóireacht Fiontraíochta agus Tionscail an Choimisiúin Eorpaigh an Líonra Fiontar Eorpach. Is é a shainchúram cabhrú le gnólachtaí naisc idirnáisiúnta a dhéanamh, dul san iomaíocht agus dul chun cinn go hidirnáisiúnta. Feidhmíonn an EEN seirbhísí fiosrúcháin chomh maith le faisnéis, comhairle agus tacaíocht a sholáthar do chliaint maidir le: comhpháirtithe idirnáisiúnta a aimsiú le haghaidh trádála, teicneolaíocht a mhalartú nó comhthaighde agus forbairt; rochtain a fháil ar dheontais Taighde agus Forbartha na hEorpa; cosaint agus leas a bhaint as maoin intleachtúil (IP).