Obair Dheonach

Is bealach iontach é obair dheonach chun taithí a fháil agus cuireann sé go mór leis an tsochaí. Meastar freisin gur mór an spreagadh é do CV. 

Is daoine deonacha iad daoine ó gach cearn den saol agus de gach aois agus bíonn siad páirteach i mbeagnach gach gné de shaol an phobail ó shláinte, oideachas agus seirbhísí sóisialta go dtí an óige, an comhshaol, na healaíona etc. 

Volunteers Walking arm in arm

 Más mian leat a bheith i do oibrí deonach ach nach bhfuil tú cinnte cad ba mhaith leat a dhéanamh, is féidir go mbeadh sé ina chuidiú ort smaoineamh ar an réimse agus ar an gcineál oibre deonaí ar mhaith leat a dhéanamh. 

Tá go leor deiseanna in Éirinn agus thar lear araon. 

Is deis iontach é obair dheonach thar lear chun taithí a fháil i gcultúr difriúil agus teanga nua a fhoghlaim. 

Is clár AE don oideachas, don oiliúint, don óige agus don spórt é Erasmus + a chlúdaíonn an tréimhse 2014-2020. Le linn an chláir, gheobhaidh níos mó ná 4 mhilliún duine tacaíocht chun staidéar, oiliúint, obair nó obair dheonach a dhéanamh thar lear. 

Ligeann an Scéim Dheonach Eorpach (EVS) do dhaoine óga idir 17-30 páirt a ghlacadh in obair dheonach ar feadh suas le 12 mhí i dtír eile laistigh nó lasmuigh den Aontas Eorpach. Tugtar an deis d'oibrithe deonacha oibriú le raon leathan eagraíochtaí ó oideachas agus ó chúram sóisialta go TFC, na meáin, cultúr, forbairt agus níos mó. 

Tá na sonraí go léir faoin EVS agus na spriocdhátaí iarratais ar fáil ag