Déileáil leis an Dífhostaíocht

Má tá tú dífhostaithe go fadtéarmach (bliain nó níos mó), d'fhéadfá a bheith i dteideal scéimeanna éagsúla um fhilleadh ar obair ón Rialtas. Tugann na scéimeanna seo deis duit taithí oibre a fháil agus tú fós ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh. Seiceáil an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun an fhaisnéis is déanaí a fháil. 

Faisnéis do Shaoránaigh 

Ag Filleadh ar an Obair 

  

Intreo 

Soláthróidh Oifigí Intreo, arna mbainistiú ag an Roinn Coimirce Sóisialaí, seirbhís phearsantaithe bunaithe ar do riachtanais aonair. Áirítear leis seo comhairle agus cúnamh le do chuid riachtanas fostaíochta agus seirbhísí tacaíochta ioncaim.