Davy Fitzgerald

Bainisteoir Iománaíochta 

Davy Fitzgerald on a hurling pitch
  1. Dá mbeifeá gafa i seó teilifíse amháin ar feadh míosa, cén seó a roghnófá? 

    Is maith liom an seo tráth na gceist spóirt sin ar Sky, ‘A League of Their Own’ le James Corden, Freddie Flintoff, Jamie Redknapp agus Jack Whitehall. Is iontach an spraoi atá ann. 

  2. Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann? 

    Aon bhéile ar bith a bhfuil sicín ann. Is é an sicín an fheoil is fearr liom. 

  3. Cad é an leabhar ab fhearr leat nuair a bhí tú sa bhunscoil? 

    Ba é an BFG le Roald Dahl a thaitin go mór liom, an ceann sin a rinne Steven Spielberg scannán de. 

  4. Cad é an focal / na focail is fearr leat? 

    ‘Ná tabhair isteach go deo’. Tá clú agam mar gheall ar mo bhuanseasmhacht agus d'fhóin dé go maith liom sna blianta. 

  5. Cad é an rud a mbíonn tú eaglach roimhe níos mó ná aon ní eile? 

    Tá faitíos orm go mbeidh lá amháin nach mbeidh mé páirteach san iománaíocht.  Bhí sé ina chuid thábhachtach de mo shaol ar feadh an oiread sin ama agus tá an méid sin ann a bhfuair mé uaithi.