Sarah Webb

Údar

Photo of author Sarah Webb

1. Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann? 

Sin gráitín prátaí, gan amhras ar bith - táim an-tógtha ar fad leis. Prátaí, uachtar, cáis, cad ann nach bhfuil iontach faoi? 

Is breá liom uachtar reoite freisin. Ceist dheachair. 

2. Cad é an focal is fearr leat? 

Is féidir.  

 

3. Cad é an rud a mbíonn tú eaglach roimhe níos mó ná aon ní eile? 

Níl mé rótógtha leis an toirneach agus an tintreach. Ach tá mé tar éis a éirí níos fearr thar na blianta. Rud eile a mbím eagla roimhe ná francaigh mhóra  - ach an bhfuil éinne nach mbíonn?  

 

4. Cad é an leabhar ab fhearr leat nuair a bhí tú sa bhunscoil? 

Tá sé fós mar an leabhar is fearr liom go dtí an lá seo - Are You There God, It’s Me, Margaret? le Judy Blume. 

Léigh mé é i rang a 6 agus déanaim é a léamh den athuair chuile bhliain. Is leabhar iontach é faoin a bheith ag fás aníos agus a bheith i do chailín. Molaim go mór é d'aon léitheoirí 11+ bliain d'aois.  

 

5. Dá mbeifeá gafa i seó teilifíse amháin ar feadh míosa, cén seó a roghnófá? 

Ceapaim go mbeadh Adventure Time spéisiúil.  Image removed.