Darren Shan

Údar

Darren Shan sitting outside

1. Cad é an rud a mbíonn tú eaglach roimhe níos mó ná aon ní eile? 

Cuireann nathracha critheagla orm! 

2. Dá mbeifeá gafa i seó teilifíse amháin ar feadh míosa, cén seó a roghnófá? 

Strictly Come Dancing. Ní fhéachaim ar an seó sin, ach tá mé go huafásach ag damhsa, amach is amach, mar sin b'fhéidir tar éis míosa a bheith gafa istigh ann bheinnse in ann cúpla gluaiseachtaí a dhéanamh. 

3. Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann? 

Dhá cheapaire uibheacha le haghaidh bhricfeasta (ceann amháin ar an tósta, an ceann eile measctha le uachtar sailéid i ngnátharán) agus píotsa pepperoni le haghaidh an dinnéir. 

4. Cad é an leabhar ab fhearr leat nuair a bhí tú sa bhunscoil? 

The Secret Garden, le Frances Hodgson Burnett. 

5. Cad é an focal / na focail is fearr leat? 

Thwack!