Alan Nolan

Údar agus Léiritheoir 

Alan Nolan

1.    Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann? 

Babhla mór de Skittles Crazy Sours, níl aon rud eile a d’fhéadfainn a roghnú ina ionaid. Ithim iad beagnach chuile lá, ach amháin le haghaidh an bricfeasta toisc nach bhfuil blas chomh deas sin orthu nuair a bhíonn siad clúdaithe le bainne. 

  

2. Dá mba rud é go raibh meaisín taistil ama agat, cén aimsir a rachadh tú chuige? 

Rachfainn ar ais in am go dtí 1976 nuair a bhí an chéad scannán de chuid Star Wars A New Hope á scannánú i Londain, agus déannfainn triail le bheith ceann de na créatúir i cantina ann. Ba bhreá liom a bheith i mo Ewok an-ard, é sin nó Wookie an-bheag a bhí ann. 

  

3.       Cad é an leabhar ab fhearr leat nuair a bhí tú sa bhunscoil? 

Ba é I am David le hAnne Holm an ceann ab fhearr liomsa. Is scéal é faoi bhuachaill óg a éalaíonn ó champa géibhinn agus a théann tríd an Eoraip go dtí an Danmhairg chun a mháthair a aimsiú. Thaitin Agaton Sax And The League of Silent Exploders by Nils-Olaf Franzen liom chomh maith, agus chuile rud a scríobh Roald Dahl. 

  

4.       Abair go raibh tú i do sárlaoch, cén t-ainm a roghnófá? 

Buachaill an Bhosca Lóin. Má tá ocras ort, tabharfaidh buachaill an bhosca lóin ceapaire subh duit. Ba é buachaill an bhosca lóin cúntóir le Fear na mBéilí, agus Bean Tuinnis Bhoilg an ard-namhaid a bheadh acu. (Bolg siúlach, éirimiúil ab ea chúntóir le Bean Tuinnis boilg ar a dtabharfaí Burbles.) 

  

5.       Cad é an rud is fearr leat a dhéanamh sa saol? 

Is breá liom a bheith ag léamh, ag scríobh agus ag tarraingt pictiúir - ní fhágfaidh mé an teach riamh gan leabhar, páipéar, pinn agus pinn luaidhe a bheith agam. Ní fios duit cathain a mbeidh tú ag iarraidh a bheith ag léamh nó cathain a thiocfadh smaoineamh iontach duit, mar sin, is maith liom a bheith ullamh!