Declan O'Donnell

Ailtire, Údar, Breitheamh ar an Seó Teilifíse RTÉ Home of the Year 

Declan O'Donnell
  1. Cad é an focal / na focail is fearr leat? 

    Dá mba rud é nach raibh ach aon rogha amháin agam, déarfainn an focal FILM sa Bhéarla - is é an t-aon chúis leis sin ná go gcuireann an chuid is mó daoine guta idir an L agus an M (FIL-u-M). Nuair a fhuaimnítear iad i gceart, ceapaim go bhfuil sé go hálainn an tslí ina nasctar an L agus an M le chéile. Anuas air sin, is breá liom scannáin!! 

  2. Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann? 

    Ceann deacair é sin, ach mála criospaí is é, go deimhin - le go leor salainn agus fínéagar. Ní béile é go teicniúil, ach mar sin féin, níl a shárú ann. 

  3. Cad é an rud a mbíonn tú eaglach roimhe níos mó ná aon ní eile? 

    Damháin alla Mhóra - tá a fhios agam nach ceann as an nua é ach an bhfaca tú chomh mór is a bhíonn cuid acu?! Bhí mé i mo chónaí san Astráil ar feadh tamaill agus chuir siad faitíos an domhain orm minic go leor ann. Go mhóire Dia nach bhfuil in Éirinn ach na cinn fíorbheaga... 

  4. Cad é an leabhar ab fhearr leat nuair a bhí tú sa bhunscoil? 

    Bhí an-suim agam i Roald Dahl ar scoil - bhí dúil mhór agam sna scéalta agus sna líníochtaí a rinne Quentin Blake iontu. Is dócha gurbh é an BFG an ceann ab fhearr liom mar gur chuir sé mbun shamhlaíochta i gcónaí, ag smaoineamh ar fhathach mór cairdiúil ag caint istoíche agus ag ollmhú deabhrionglóidí do na páistí. Ceann iontach léamh sula théann tú i do luí roimh duit a bheith ag brionglóideach! 

  5. Dá mbeifeá gafa i seó teilifíse amháin ar feadh míosa, cén seó a roghnófá? 

    Grand Designs - Gan amhras ar bith!! Is ailtire mé, agus déanaim foirgnimh a dhearadh, mar sin d’fhéadfainn lá i ndiaidh lae a chaitheamh i gclár mar sin agus gan éirí braon de riamh. Tá an dearadh le feiceáil timpeall orainn an t-am ar fad, chuile lá, agus mar sin measaim gur rud é atá an-tábhachtach dár sonas.