Kevin McHugh

Imreoir Sacair, Finn Harps 

Kevin McHugh
  1. Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann? 

    Píotsa agus Pasta. Cinnte, is é sin an béile is fearr liom… 

  2. Dá mba rud é go raibh meaisín taistil ama agat, cén aimsir a rachadh tú chuige? 

    D’fhillfinn ar ais chuig mo shaol féin nuair a bhí mé i mo dhéagóirí agus ar na laethanta saoire samhraidh fada a bhí againn. 

    Solas na gréine, an pleidhcíocht agus gan a bheith le déanamh agat ach taitneamh a bhaint as gach uile lá le do chairde, gan imní ort roimh chúrsaí an tsaoil… 

  3. Cad é an leabhar ab fhearr leat nuair a bhí tú sa bhunscoil? 

    An bailiúchán faoin gCúigear Cróga. Ní féidir an ceann is fearr díobh a roghnú mar gur thaitin siad go léir chomh mór sin liom. 

  4. Abair go raibh tú i do sárlaoch, cén t-ainm a roghnófá agus cad í an chumhacht speisialta a bheadh agat? 

    Leoanldo !!! meascán de Messi agus Ronaldo. Idir na scileanna agus an incinn atá ag Messi agus luas agus cumhacht Ronaldo, mise ab ea an peileadóir is cumhachtaí ar an phláinéid. 

  5. Cad é an rud is fearr leat a dhéanamh sa saol? 

    An pheil a impirt, nó a chóitseáil, agus a bheith ag féachaint ar an bpeil, chomh maith… Is é an t-aon rud amháin a dhéanaim riamh agus fós is breá liom an chluiche.