Eoin Colfer

Údar

Eoin Colfer

1. Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann? 

Le blianta fada anuas, agus mé ag obair mar mhúinteoir bunscoile d’ithinn ceapaire tósta le haghaidh lóin gach lá. D'fhéadfá a cheapadh go gcuirfeadh sé sin as dom ceapairí cáis tóstaithe a ithe ach go deimhin tharla an rud eile sa mhéid gur thit mé go hiomlán i ngrá le cáis tóstáilte agus go n-íosfainn ceann chuile lá dá mbeadh mo chroí in ann dó sin. Mar sin, roghnóidh mé toastie cáis deas mar mo bhia de rogha go deo. 

  

2. Cad é an focal is fearr leat? 

A leithéid de cheist chrua, toisc go bhfuil an oiread sin focal álainn ann. Is iad na focail is fearr liom faoi láthair na huaire ná: Claiseanna, scioból agus sciúirse. Ach an ceann is fearr ar fad ná: Flounder, sa bhéarla, gur cineál éisc é agus a chiallaíonn sé a bheith ag siúl timpeall go ciotach san uisce.  

  

3. Cad é an rud a mbíonn tú eaglach roimhe níos mó ná aon ní eile? 

An rud a chuireann imní orm, thar aon ní eile, ná go ngortófar mo chuid páistí. Fiú má fhaigheann duine acu scafach iongain, éiríonn mé tinn agus mar sin ní fiú mé ar chor ar bith a bheith timpeall i ngéarchéim. 

  

4. Cad é an leabhar ab fhearr leat nuair a bhí tú sa bhunscoil? 

Bhí an oiread sin dúil agam i Stig of the Dump  paisean go bhfuil sé léite agam, déarfainn céad uair. Bhí tionchar mór aige ar an scríbhneoireacht a rinne mé féin ina dhiaidh. 

  

5. Dá mbeifeá gafa i seó teilifíse amháin ar feadh míosa, cén seó a roghnófá? 

Ceist mhór eile. I mo thuairimse féin, ba mhaith liom a bheith gafa i gceann de na sraitheanna is mó samhlaíochta ionas go mbeinn in ann rud blaiseadh a fháil de rud éigin atá iomlán difriúil ón ngnáthshaol. Is cinneadh deachair é ach is dóigh liom go roghnóinn Star Trek agus go rachfainn go dalba dána áit nár imigh aon fhear Éireannach (seachas amháin Colm Meaney) roimhe seo.