John Burke

Óstach agus an chéad fhear ó gContae an Chláir a dhreap Sliabh Everest 

John Burke holding a copy of his book

1. Más rud é nach raibh tú in ann ach béile amháin a bheith agat gach uile lá go deo na ndeor, cad é a bheadh ann? 

Is é an bagún agus an cabáiste an béile roghnach dom agus béile á réiteach sa bhaile agam.  Measaim go réitímid go léir an béile a thagann chun cuimhne dúinn nuair a smaoinímid ar ár leanabaíocht agus sinne ag fás aníos, agus nuair a smaoinímid ar bhia baile, is é seo an béile a roghnaítear, go hiondúil.  Taitníonn sé liom an oiread sin gur thiontaigh mé ceapach bláthanna ina phaiste cabáiste ach thug mé faoi deara go luath ina dhiaidh gurb aoibhinn leis na drúchtíní é chomh maith, faraor, agus tá sé i bhfad níos éasca an chabáiste a cheannach sa siopa. 

 

2. Cén leabhar ab fhearr leat agus tú ag fás aníos? 

Thaitin gach cineál de scéalta míleata liom i gcónaí agus is cuimhin liom go raibh an leabhar sin le Andy McNab ‘Bravo two zero’ ina ábhar spéise mór dom agus mé i mo dhéagóir. Bheadh sé mar an dara rogha gairme agam dul isteach san arm agus is minic a smaoiním ar conas a n-éireofaí liom ann, nach bhfuil agam chuige ach amháin mo chuid samhlaíochta, agus tá sé sin bunaithe ar na leabhair sin, go huile is go hiomlán. 

 

3. Cad é an rud a mbíonn tú eaglach roimhe níos mó ná aon ní eile? 

Mo bhean céile, nuair a dhéanaim tagairt ar an dreapadh sléibhe a dhéanamh arís, ach éireoidh liom í a áitiú uirthi mé a ligeann dul, de réir a chéile, agus cead imeachta a thabhairt dom! 

 

4. Cad é an rud is fearr leat a dhéanamh sa saol? 

Is dócha, an gníomh simplí a bhaineann lena a bheith ag siúl leis na madraí ar an trá.  Is breá leo an trá agus faigheann mé an-sásamh as iad a fheiceáil agus spraoi á bhaint acu as. Tá sé ag dul amach sa dúlra freisin, agus a bheith níos gaire do na heilimintí nádúrtha, cosúil le huisce, a fhágann go bhfuil sé chomh teiripeach. 

 

5. Dá mba rud é go raibh meaisín taistil ama agat, cén aimsir a rachadh tú chuige? 

Meiriceá, sna 60í.  Smaoiním ar na daoine iontacha a bhí ann dála Muhammad Ali, Martin Luther King agus John F. Kennedy.  Ceannairí spreagtha a bhí ag cur fíor-athruithe sa chreideamh a bhí ag daoine, tráth a raibh daoine ag seasamh suas in aghaidh an chhíochais agus ag glao amach le haghaidh athraithe.  Bhí carranna iontacha acu freisin, cosúil leis an 67 Mustang!