Mo Leabharlann Bheag

Tá mála le leabhar curtha le chéile ag leabharlanna chun cabhrú le leanaí atá ag tosú ar scoil agus is féidir é a bhailiú ag leabharlann ar bith ón 9 Bealtaine 2025. 

Tá tuilleadh eolais ar fáil thíos agus féach ar na Gluaisí i bhFraincis, Polainnis, Portaingéilis, Spáinnis, Rúisis agus Úcráinis a ghabhann leis na málaí Gaeilge

Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag do gach leanbh atá ag tosú ar scoil i mbliana

Tá mála le leabhar curtha le chéile ag leabharlanna chun cabhrú le leanaí atá ag tosú ar scoil agus is féidir é a bhailiú ag leabharlann ar bith. 

Comhoibriú idir leabharlanna, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige is ea an tionscnamh ‘Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag’, agus gné den straitéis Na Chéad 5. 

Mar chuid den tionscnamh, tá ‘Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag’ ar fáil saor in aisce do gach leanbh atá ag tosú ar scoil in 2025 chun cabhrú leo ullmhú don chéim mhór seo. Is féidir le leanaí agus a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí na málaí a bhailiú ag leabharlann ar bith ar fud na tíre ón 9 Bealtaine 2025. 

I ngach Mála Leabhar Mo Leabharlann Bheag tá: 

  • Leabhar ar scoil a thosú nó cairde a dhéanamh nó a bheith compordach ionat féin.
  • A gcárta leabharlainne féin agus sealbhóir cárta speisialta 'Mo Leabharlann Bheag’. 

Tá na málaí leabhar ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. 

Tá foirne na leabharlann ag súil go mór fáilte a chur roimh na leanaí 4 agus 5 bliana d'aois nuair a thagann siad isteach chun a gcuid málaí leabhar a bhailiú agus tús a chur lena mballraíocht leabharlainne. 

Tar éis dóibh cuairt a thabhairt ar an leabharlann chun a mála leabhar a bhailiú, tá súil againn go dtiocfaidh ár mbaill leabharlainne nua agus a dteaghlaigh ar ais chugainn go rialta chun a málaí a choinneáil líonta le leabhair ar iasacht agus chun páirt a ghlacadh in amanna scéalaíochta agus ranganna agus sna himeachtaí eile ar fad a bhíonn ar bun againn sa leabharlann.

Tá tuilleadh tacaíochta chun cabhrú leis an aistriú go dtí an bhunscoil ar fáil ar an leathanach Bímis Réidh! ar Gov.ie.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi sheirbhísí leabharlainne chuig suíomhanna Luathfhoghlama agus Cúraim (ELC) agus cúram leanaí anseo


 

Scéalta Gaeilge mo Leabharlainne Bhig

Tá súil againn go mbainfidh tú taitneamh as na físeáin seo, atá chun tacú leat na scéalta Gaeilge a léamh le do pháistí.

 

Liosta de na focail Ghaeilge as na leabhair Ghaeilge do pháistí aistrithe go Béarla.

Mo Leabharlann Bheag