Tacaíocht Taighde Gnó

Vision-net 

Soláthraíonn Vision-net rochtain ar na bundoiciméid a chomhdú ag cuideachtaí Éireannacha agus RA leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus le Teach na gCuideachtaí (RA) faoi seach. I measc samplaí de dhoiciméid tá: 

Cuntais Iniúchta 

Athruithe ar Stiúrthóirí 

Scaireanna a Leithroinnt 

Is féidir teacht ar Chlárlann na nAinmneacha Gnó trí Vision-net. Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil saor in aisce le cianrochtain ar fáil do bhaill na n-údarás leabharlainne seo a leanas. 

Fine Gall 

An Mhí 

Uíbh Fhailí 

Ros Comáin 

Tiobraid Árann 

Cathair & Contae Phort Láirge 

Loch Garman 

Féadfaidh Údaráis Leabharlainne aonair rochtain a sholáthar dá mbaill ar bhunachair shonraí eile. Féach na láithreáin ghréasáin indibhidiúla le haghaidh sonraí iomlána na ríomh-acmhainní go léir. 

Seirbhísí Poiblí agus Teidlíochtaí 

Faisnéis Do Shaoránaigh 

Cuireann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh faisnéis ar fáil faoi sheirbhísí agus teidlíochtaí poiblí in Éirinn, lena n-áirítear réimse topaicí a bhaineann le gnóthaí. 

Bord Bia 

Tairgeann Bord Bia raon cuimsitheach seirbhísí do ghnólachtaí beaga bia chun cabhrú leo a gcuid gnóthaí a fhás sa bhaile agus thar lear. Soláthraíonn siad faisnéis mhionsonraithe maidir le forbairt mhargaidh agus gnó agus feidhmíonn siad seirbhís fiosrúcháin faisnéise freisin. Tá bailiúchán mór foilseachán ar fáil trína n-ionad acmhainní ar líne, lena n-áirítear Foilseacháin Margaíochta, Tráchtaireachtaí Tionscail, Foilseacháin Chorparáideacha agus níos mó. 

Airteagail Iris 

JSTOR 

Tá ailt ó Bhailiúchán na hÉireann de bhunachar sonraí JSTOR d'irisí sna healaíona, sna daonnachtaí agus san eolaíocht ó 1700 go dtí an lá atá inniu ann ar fáil ar líne trí na leabharlanna poiblí. 

Directory of Open Source Journals (DOAJ) 

Is eolaire ar líne é an DOAJ a sholáthraíonn rochtain ar irisí ardchaighdeáin, athbhreithnithe piaraí, rochtana oscailte (saor in aisce). 

Foilseacháin an Rialtais 

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta 

Is é misean na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta: 

“Fostaíocht iomlán ardchaighdeáin agus inbhuanaithe a spreagadh trí fhiontraíocht a chur chun cinn ar fud an rialtais, tacú le bonn fiontar iomaíoch, timpeallacht ísealchánach a chur chun cinn chun obair agus fiontar a dhreasú, agus cothroime agus iomaíochas a chur chun cinn.” 1 Coinníonn siad bailiúchán ar líne de a bhfoilseacháin oifigiúla a bhaineann le gnó, lena n-áirítear straitéisí, tuarascálacha agus meastóireachtaí. I measc samplaí de thopaicí tá ríomhghnó, fiontar, fiontraíocht, tacaí airgeadais, pá, agus daoine a fhostú. 

http://www.djei.ie/index.htm 

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Ráiteas Straitéise 2016-2019 

 

Leabhair Ghnó 

Leis an gcatalóg leabharlainne poiblí chomhroinnte cuirtear ar do chumas duit bailiúcháin na leabharlanna poiblí in Éirinn a chuardach le hábhar a aimsiú agus a iarraidh nach bhfuil le fáil i do leabharlann féin. Tá teidil a bhaineann leis an ngnó ar fáil freisin mar ríomhleabhair trí bhailiúchán leabhar Borrow Box na leabharlanna